Leathanach Baile

Fáilte go dtí an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

 




An Nuacht is Déanaí:

Tá a naoú Tuarascáil Bhliantúil Táscairí Feidhmíochta foilsithe ag NOAC maidir lena fheidhm chun feidhmíocht údaráis áitiúil a scrúdú i gcoinne táscairí ábhartha. Tá forbairt tagtha ar an tuarascáil seo ón gcéad tuarascáil in 2014 agus i mbliana tá NOAC ag tuairisciú ar 44 táscaire faoi 11 cheannteideal.

 

Performance Indicators Report 2022)


Maoirseacht náisiúnta á déanamh ar an rialtas áitiúil in Éirinn.

Eolas faoin gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Is é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta an comhlacht maoirseachta náisiúnta neamhspleách don earnáil rialtais áitiúil in Éirinn. Bunaíodh i mí Iúil 2014 é faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 chun maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an earnáil rialtais áitiúil (údaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara), lena n-áirítear Tionóil Réigiúnacha.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin gCoimisiún agus a Straitéis don tréimhse ó 2020 go dtí 2022 a fháil anseo.

Tá raon leathan feidhmeanna ag an gCoimisiún, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí uile údarás áitiúil agus lena n-áirítear grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht ghinearálta agus ar fheidhmíocht airgeadais go sonrach. Tá ról ag an gCoimisiún i dtacú le dea-chleachtas, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas náisiúnta rialtais áitiúil agus faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme pleananna corparáideacha, ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe seirbhíse agus ar athchóiriú na seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúil. Is féidir le hAire Rialtais iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú a bhaineann lena chuid feidhmeanna maidir le gné shainiúil ar bith den rialtas áitiúil.


NOAC reports icon
NUACHT AGUS IMEACHTAÍ
NOAC contact icon

FOILSEACHÁIN

Déan na foilseacháin is déanaí ón gCoimisiún a chuardach agus a íoslódáil.

NUACHT AGUS IMEACHTAÍ

Tuilleadh eolais faoi cheardlanna agus seimineáir an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta.

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Is iomaí bealach atá ann chun teagmháil a dhéanamh linn.