Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais

Ráiteas Príobháideachais do noac.ie atá mar láithreán gréasáin an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta. Is é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta an comhlacht maoirseachta náisiúnta neamhspleách don earnáil rialtais áitiúil in Éirinn. Tabharfar ‘an Láithreán’ ar noac.ie sa doiciméad seo.

Faisnéis ghinearálta faoin Láithreán seo
Freagrach as an Láithreán: An Coimisiún Maoirseachta agus Iniúchóireachta, déan teagmháil le: noac@housing.gov.ie
Dearadh agus cur chun feidhme:
https://www.pixelpod.ie/

Cuspóir agus fairsinge na faisnéise a bhailímid
Is é do rogha féin é aon sonraí a thabhairt dúinn. Ní thabharfaimid do shonraí do thríú páirtí gan cead a fháil uait roimh ré. Má chomhlánaíonn tú an fhoirm teagmhála, úsáidfear an fhaisnéis inti chun teagmháil a dhéanamh leat amach anseo.

Príobháideacht
Ní bhailíonn noac.ie aon fhaisnéis phearsanta faoi úsáideoirí, seachas an fhaisnéis sin a thugann an t-úsáideoir dúinn go feasach agus go sonrach. Tá an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta tiomanta do phríobháideacht do chuid faisnéise pearsanta a áirithiú. Tá foirm ar líne ag noac.ie ar féidir le baill den phobal í a chomhlánú chun ceist a chur orainn nó chun teagmháil a dhéanamh linn. Ní dhéanfaidh an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta do chuid faisnéise a dhíol ná a thabhairt d’aon eagraíocht eile ach sa chás go dtugann tú cead dúinn go sonrach agus go sainráite chun a leithéid a dhéanamh.

Nochtadh
Ní thabharfaimid do shonraí pearsanta do thríú páirtí gan cead a fháil uait roimh ré.

Ceart Rochtana
Ní choinneoimid aon sonraí fút ach amháin na sonraí sin a thugann tú dúinn go toilteanach nó atá san fhearann poiblí cheana féin.

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin nó scriosadh.
Má chreideann tú go bhfuil aon sonraí riaracháin míchruinne againn fút, cuir é sin in iúl dúinn le do thoil agus déanfaimid iad a cheartú.

Fianáin
Úsáidimid fianáin bhunúsacha ar ár láithreán gréasáin. Cliceáil anseo chun ár mbeartas maidir le fianáin a léamh

Slándáil
Ag an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta táimid an dáiríre faoi mhodhanna slána a úsáid chun aon sonraí a fhaighimid a aistriú agus a stóráil. Tá ár bhfoireann riaracháin agus tacaíochta teicniúla feasach ar na bearta a úsáidtear agus oilte ina leith.

Leordhóthanach, ábhartha, gan a bheith iomarcach
Tá sé mar bheartas againn gan ach na sonraí ábhartha nó riachtanacha a thugtar dúinn a choinneáil. Déanfaimid aon sonraí a fhaighimid tríd an láithreán gréasáin a athbhreithniú agus a nuashonrú ar bhonn rialta. Déanfaimid aon fhaisnéis nach bhfuil ábhartha a thuilleadh a scriosadh 18 mí tar éis dúinn í a fháil.

Coinneáil
Ní choinneofar aon sonraí arna mbailiú ar feadh tréimhse níos faide ná 18 mí ná níos faide ná mar is gá chun na gcríoch sin a bhfuarthas iad.

Gearáin a réiteach
Más mian leat aon chúrsaí nó ábhair imní a phlé a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil ar ár láithreán gréasáin, nó aon ghné den láithreán gréasáin féin a phlé, déan teagmháil linn le ríomhphost nó tríd an bpost.

Ríomhphost:
dataprotection@noac.gov.ie

Seoladh Poist:
An Coimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0