Nuacht agus Imeachtaí

 

D’fhógair Cathaoirleach an CNMI, Michael McCarthy, mar aon lena chomhaltaí boird, foilsiú Thuarascáil Bhliantúil an CNMI don bhliain 2025. Ó bunaíodh é in 2014, tá an CNMI ina bhunchloch san earnáil rialtais áitiúil; soláthraíonn sé maoirseacht neamhspleách agus críochnúil agus tá breis is 80 tuarascáil foilsithe aige. Clúdaítear raon leathan réimsí sna tuarascálacha sin, lena n-áirítear Iniúchadh Inmheánach, Sásamh Custaiméirí, Airgeadas, Pleananna Corparáideacha, Cothabháil Tithíochta agus Seirbhísí Comhroinnte. Le linn 2025, lean an CNMI de bheith ag cur a shainordaithe chun cinn trí chlár cuimsitheach oibre, clár a bhí ina chúis le trédhearcacht, cuntasacht agus feidhmíocht a neartú laistigh den earnáil rialtais áitiúil.

Dúirt Cathaoirleach an CNMI, “tá an CNMI tiomanta do mhaoirseacht dhian neamhspleách ar earnáil an rialtais áitiúil agus bhí sé sin soiléir ón obair eiseamláireach a rinneadh i rith 2025.” Leag sé béim ar éachtaí amhail “Tuarascáil Táscaire Feidhmíochta fheabhsaithe, athbhreithniú cuimsitheach ar phleananna corparáideacha, anailís dhomhain ar chúig údarás áitiúla tríd ár bPróiseas Grinnscrúdaithe feabhsaithe agus óstáil rathúil an tSeimineáir Dea-Chleachtais agus sraith ceardlann ina ndíríodh ar fheabhsú leanúnach.”