An Nuacht is Déanaí:
D’fhógair Cathaoirleach an CNMI, Michael McCarthy, mar aon lena chomhaltaí boird, foilsiú Thuarascáil Bhliantúil an CNMI don bhliain 2025. Ó bunaíodh é in 2014, tá an CNMI ina bhunchloch san earnáil rialtais áitiúil; soláthraíonn sé maoirseacht neamhspleách agus críochnúil agus tá breis is 80 tuarascáil foilsithe aige. Clúdaítear raon leathan réimsí sna tuarascálacha sin, lena n-áirítear Iniúchadh Inmheánach, Sásamh Custaiméirí, Airgeadas, Pleananna Corparáideacha, Cothabháil Tithíochta agus Seirbhísí Comhroinnte. Le linn 2025, lean an CNMI de bheith ag cur a shainordaithe chun cinn trí chlár cuimsitheach oibre, clár a bhí ina chúis le trédhearcacht, cuntasacht agus feidhmíocht a neartú laistigh den earnáil rialtais áitiúil.
Dúirt Cathaoirleach an CNMI, “tá an CNMI tiomanta do mhaoirseacht dhian neamhspleách ar earnáil an rialtais áitiúil agus bhí sé sin soiléir ón obair eiseamláireach a rinneadh i rith 2025.” Leag sé béim ar éachtaí amhail “Tuarascáil Táscaire Feidhmíochta fheabhsaithe, athbhreithniú cuimsitheach ar phleananna corparáideacha, anailís dhomhain ar chúig údarás áitiúla tríd ár bPróiseas Grinnscrúdaithe feabhsaithe agus óstáil rathúil an tSeimineáir Dea-Chleachtais agus sraith ceardlann ina ndíríodh ar fheabhsú leanúnach.”
Maoirseacht náisiúnta á déanamh ar an rialtas áitiúil in Éirinn.
Eolas faoin gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta
Is é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta an comhlacht maoirseachta náisiúnta neamhspleách don earnáil rialtais áitiúil in Éirinn. Bunaíodh i mí Iúil 2014 é faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 chun maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an earnáil rialtais áitiúil (údaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara), lena n-áirítear Tionóil Réigiúnacha.
Is féidir tuilleadh sonraí faoin gCoimisiún agus a Straitéis don tréimhse ó 2023 go dtí 2025 a fháil anseo.
Tá raon leathan feidhmeanna ag an gCoimisiún, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí uile údarás áitiúil agus lena n-áirítear grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht ghinearálta agus ar fheidhmíocht airgeadais go sonrach. Tá ról ag an gCoimisiún i dtacú le dea-chleachtas, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas náisiúnta rialtais áitiúil agus faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme pleananna corparáideacha, ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe seirbhíse agus ar athchóiriú na seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúil. Is féidir le hAire Rialtais iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú a bhaineann lena chuid feidhmeanna maidir le gné shainiúil ar bith den rialtas áitiúil.

FOILSEACHÁIN
Déan na foilseacháin is déanaí ón gCoimisiún a chuardach agus a íoslódáil.
NUACHT AGUS IMEACHTAÍ
Tuilleadh eolais faoi cheardlanna agus seimineáir an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta.
DÉAN TEAGMHÁIL LINN
Is iomaí bealach atá ann chun teagmháil a dhéanamh linn.