Leathanach Baile (page 2)

An Nuacht is Déanaí:

An tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins TD, a d’oscail an t-ochtú seimineár de chuid an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (NOAC) dar teideal ‘Dea-Chleachtas sa Rialtas Áitiúil’.

Chuir sé cinn d’údarás áitiúla, is iad sin, Comhairlí Contae na Gaillimhe, Chill Dara, Laoise, Uíbh Fhailí, Fhine Gall agus Chorcaí, tionscadail nuálacha i láthair a léiríonn ceannaireacht agus sármhaitheas i seachadadh seirbhísí rialtais áitiúil. I measc na dtionscnamh seo tá Clár Feasachta Aeráide do Dhaoine 60+, Aip don Ionduchtú saor ó Pháipéar, Fógra Aoisliúntais Tosaithe, Lámhleabhar Gaeilge, Modúl ar an gClár Cothromais agus córas nua digiteach ceannaigh ar líne leabharlainne.

Maoirseacht náisiúnta á déanamh ar an rialtas áitiúil in Éirinn.

Eolas faoin gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta

Is é an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta an comhlacht maoirseachta náisiúnta neamhspleách don earnáil rialtais áitiúil in Éirinn. Bunaíodh i mí Iúil 2014 é faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 chun maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar an earnáil rialtais áitiúil (údaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara), lena n-áirítear Tionóil Réigiúnacha.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin gCoimisiún agus a Straitéis don tréimhse ó 2023 go dtí 2025 a fháil anseo.

Tá raon leathan feidhmeanna ag an gCoimisiún, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí uile údarás áitiúil agus lena n-áirítear grinnscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht ghinearálta agus ar fheidhmíocht airgeadais go sonrach. Tá ról ag an gCoimisiún i dtacú le dea-chleachtas, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartas náisiúnta rialtais áitiúil agus faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme pleananna corparáideacha, ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe seirbhíse agus ar athchóiriú na seirbhíse poiblí ag comhlachtaí rialtais áitiúil. Is féidir le hAire Rialtais iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú a bhaineann lena chuid feidhmeanna maidir le gné shainiúil ar bith den rialtas áitiúil.

NOAC reports icon

FOILSEACHÁIN

Déan na foilseacháin is déanaí ón gCoimisiún a chuardach agus a íoslódáil.

NUACHT AGUS IMEACHTAÍ

NUACHT AGUS IMEACHTAÍ

Tuilleadh eolais faoi cheardlanna agus seimineáir an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta.

NOAC contact icon

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Is iomaí bealach atá ann chun teagmháil a dhéanamh linn.